This website uses cookies to collect information about how you use this site. This information is used to make the website work as well as possible.
More details available in the gov.ie cookie policy and privacy policy .
Fáilte chuig Tairseach Féinseirbhíse Theastas Digiteach COVID an AE.
Is féidir leat an tairseach seo a úsáid chun an líon gníomhaíochtaí a bhainistiú a bhaineann le do Theastas Vacsaínithe nó le do Theastas Téarnaimh , gan gá a bheith le glaoch ar ionad glaonna Theastas Digiteach COVID.
I gcás teastas atá bunaithe ar thorthaí tástála diúltacha RT-PCR, cuirfidh seirbhís tástála phríobháideach RT-PCR Teastas Digiteach COVID ar fáil. Bíonn teastais bunaithe ar RT-PCR bailí ar feadh 72 uair an chloig i ndiaidh go ndearnadh an tástáil.
Le tosú, ní gá ach an tseirbhís a roghnú a theastaíonn uait thíos agus na sonraí riachtanacha a sholáthar ar an bhfoirm.
Mura féidir leat teacht ar an méid a theastaíonn uait nó má theastaíonn cabhair bhreise uait, is féidir leat glaoch ar ár Líne Chabhrach ar 1800 807 008 nó +353 1 903 6437 nuair a bhíonn tú ag glaoch ó áit taobh amuigh d’Éirinn. Tá an Líne Chabhrach ar oscailt ó Luan go hAoine, ó 8:30r.n. go 6:30i.n.
Leis an rolladh amach rathúil de vacsaíní teanndáileoige COVID-19 in Éirinn, tá obair ar bun chun Teastais Dhigiteacha COVID an AE a eisiúint ag léiriú na ndáileog breise seo. Eiseofar teastais ón 6ú Eanáir 2022 do bhaill den phobal a fuair teanndáileog in Éirinn, agus seachadfar na teastais ar bhonn céimnithe sna laethanta atá amach romhainn. Tabhair faoi deara, le do thoil, go dtiocfaidh rialacháin an AE lena mbunófar tréimhse bailíochta 9 mí ar theastais vacsaínithe le haghaidh taistil laistigh den AE i bhfeidhm an 1 Feabhra.